An chéad dólás do bhí ar an Mhaighdean
Nuair a tóiríodh a Leanbh
Caipíní dubha air, 's na Giúdaigh á ghreadadh
(refrain):
Ailliliú, o Iosa, ailliliú is tú mo Leanbh
Ailliliú ó Iosa, is tú Rí geal na bhFlaitheas
An dara dólás do bhí ar an Mhaighdean nuiar a tóiríodh a Leanbh
Léine gárbh róin air, 's a chraiceann a stracadh.
Ailliliú …
An triú dólás do bhí ar an Mhaighdean
Nuair a tóiríodh a Leanbh
Á ar an gcrois chéasta, 's na tairní géara á ghearradh
Ailliliú …
An ceathru dólás do bhí ar an Mhaighdean
Nuair a tóiríodh a Leanbh
É ar chrann* na croise ag fáil na ngrásta dár n-anam
Ailliliú …
An cúigiú dólás do bhí ar an Mhaighdean
Nuair a tóiríodh a Leanbh
A cheann ar bharr spíce ag tabhairt a chuid fola
Ailliliú …
An séú dólás do bhí ar an Mhaighdean
Nuair a tóiríodh a Leanbh
É 'na hucht gléigeal 's é sínte fuar marbh
Ailliliú …
An seachtú dólás do bhí ar an Mhaighdean
Nuair a tóiríodh a Leanbh
É sínte san uaigh 's na leaca air trasna.
Ailliliú …
Hector Zazou & Katie McMahon еще тексты
Оценка текста
Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 1