Гуру Песен Популярное
А Б В Г Д Е Ж З И К Л М Н О П Р С Т У Ф Х Ц Ч Ш Э Ю Я
# A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z

Donal Lunny & di Dhomhnaill - Pill, Pill, A Ruin | Текст песни

Crá ort a shagairt Uí Dhónaill
Nach dona go deo mar a d'imigh tú
Léigh sé an tAifreann Dé Domhnaigh
Is bhí sé maidin Dé Luain ina mhinistéir

Pill, pill a rúin ó
Pill a rúin ó is ná himigh uaim
Pill a chuisle is a stóirín ó
Is gheobhaigh tú an ghlóir má philleann tú

Dá bhfeicfeadh sibh Neilí Dé Domhnaigh
Is a gúna bán go sála uirthi
Búclaí buí ina bróga
Is í á tarraingt sa ród mar phúca

Tá mallacht na sagart is na mbráithre leat
In do mhála ag imeacht duit

Is nach measa duit mallacht do mháthara
Ná a bhfaca tú ariamh den bhunadh sin

Thréig tú Peadar is Pól
Agus thréig tú Eoin is an bunadh sin
Thréig tú an Mhaighdeán is an ghlóir
Is nach dona go deo mar a d'imigh tú

Pill, pill a rúin ó
Pill a rúin ó is ná himigh uaim
Pill a chuisle is a stóirín ó
Is gheobhaigh tú an ghlóir má philleann tú

Beidh tú in ifreann go fóill
Is na sróite deora ag sileadh leat
Sin an áit a bhfaighidh tú an t-eolas
Cé acu is fearr leis an sagart ná an mhinistéir

Donal Lunny & di Dhomhnaill еще тексты


Видео
Нет видео
-
Оценка текста
Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 2